School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0148
  3. XML “Oíche Cinn an Dá Lá Dhéag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Áine Ní Fhatharta (13 1/2) do chuir síos.
    Gach aon seachtmhadh bliain Oidhche Chinn A Dhá Lá Dhéag bíonn oileán draoidheachta le feiceál amach ins an bhfarraige mhór in aice le Inis Mhór in Árainn.
    Anuraidh (5-1-'38) chonnaic mé féin an t-oileán. Bhíos fhéin is gach duine againn sa teach thíos ar an ngardha Árd, garraidhe é seo atá an-árd is bíonn amharc breágh le feiceál uaidh ins gach áit thar timcheall air agus dhá bhrígh sin bhí amharc breágh le feiceál againn ar an oileán.
    Mé fhéin an chéad dhuine a chonnaic an t-Oileán. Bhreathnuigh mé ar an bfharaige is shíleas gur tré lasadh abhí sí, bhí an oireadh sin soillse le feiceál amach ar an bhfaraige.
    B’iongantach an t-amharc é bhí sé mar bheadh na milliún coinnle lasta amháin de'n fharaige. Ní raibh duine ar an mbaile nach ndeachaidh ag breathnú ar na soillse an oidhche sin.
    Chuala mé na seandaoine ag rádh go ndeachaidh triúr fear as an gCaorán amach i gcurrach oidhche dhá bfhaca siad an t-oileán le súil is go bhféadfhadh siad é a choinneál i mbarr uisge i comhnuidhe mar deirtear dá gcaithfeá bróg nó caipín nó rud ar bith isteach ar an oileán go bfanfhadh sé tirm.
    Bhí go maith agus ní raibh go h-olc nuair a chonnaic an triúr seo é dubhairt siad go ngabhfadh siad amach go dtí é. Nuair a cheap siad a bheith in aice leis shíl duine aca a hata a chaitheamh isteach air acht bhí an t-oileán imighthe is ní fhaca siad ní ba mhó é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Epiphany (~58)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Fhatharta
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway