School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0222
- XML “Aimsir an Ghorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is cráidhte an sgéal a bhí mo sean-mháthair ag innseacht dhom aréir i dtaobh an t-sean-tsaoghal an chaoi ar mhair na daoine agus an t-slighe bheatha a bhí aca.
Is fada an lá ó bhí an gorta ann tá sé suas agus anuas le céad bliadhain. Is cuimhneach le mo sheán-mháthair cuid de acht bhí beagán feabhais air nuair bhí sí ag eirighe suas acht ar chuma ar bith sí d'innis an giota seo dhom-sa.
Theidhidís síos ag an gcladach agus thóigfheadh siad portáin agus iasgáin agus bhíodh siad dhá n-ithe fuar beithidheach ar an tráigh.
Ar a mbealach abhaile dhóibh theighidís isteach i n'garraidhe ba chuma cé leis é, ní raibh seilbh ag aon duine ar thalamh ná ar an áit acht ní h-amhlaidh tá an sgéal anois chartaidís an ithir le na lámha nó le cipín.
B'fhéidir go bhfuighidís cúpla fata innte. Ar ndóighe bheadh an iomaire sin bainte cheana acht bh'féidir go bhfuighdís cúpla criochán innti 'na dhiaidh sin. An méid a gheobhaidís thiubhraidís abhaile iad agus déanfadh siad bruthnóg díobh. Ní bheadh aon náire ar daoine dhul isteach i dteach na comhursan ag tóraidheacht rud le n-ithe, ná rud a árdú leo freisin as dá bhfuighdís an deis. 'Siad a bheadh buidheach dá n-eirigeadh leo lán a mbéil féin fhagháil.
Deir mo mhamó go dtagadh daoine anoir ó na Criogáin ar an mbaile aice ag baint neanntógaí le n-ithe agus chuile chineál eile luibh a bhíodh ag fás.(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Age
- 93
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway