School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0140

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0140

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0140
  3. XML “Tobairín Ard a' Mhulláin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cóilín Ó Curraidhin a chur síos.
    Máire Ní Churraidhin (43) a d'innis. As a' gCaorán di.
    Tá tobar beannuighthe ar an mbaile seo againne thíos in aice an chladaigh. Árd an Mhulláin an t-ainm atá ar an áit. Bhí bean ann fadó agus bhí sí dáll. Bhí sí ag iarraidh dul go dtí an tobar.
    "Cá bhfuil an tobar?" adeir na daone leí.
    "Tháll" a bhí sí ag rádh.
    Chuaidh siad sáll agus shín sí a méir go dtí an tobar. Chimil sí an t-uisge ar a cuid súile agus bhí sí go maith arís. Sí sin an chéad bhean a tháinic go dtí an tobar. Tá an tobar ar bhruach aille in aice na fairrge. Tobar beag é. Tá cloch mhór in aice leis agus aon duine a thugas turas caitheann sé rud ar an gcloch. Sean-fhocal é, "Tháll, tháll, adeir an dáll."
    "Tháll" .i. - tao [bh] thall de'n uisge, de Chuan Chasla. Bhi sise taoi thiar de'n Chuan. Tá Ros a'Mhíl agus an Caorán taobh thoir.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Cóilín Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Informant
    Máire Ní Churraidhin
    Gender
    Female
    Age
    43
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway