School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0250

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0250

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0250
  3. XML “An Caisleán Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Caisleán Draíochta Siubhán Ní Churraoin, An Chloich Mhóir Maitiú Ó Curraoin a d'inis
    San am fadó bhí caisleán ann agus bhí sé faoi dhraíocht. Mharaigh rí rí eile agus nuair a fuair an dúnmharfóir bás, chuir sé an caisleán faoi dhraíocht. Ní bhíodh an caisleán le feiceáil chor ar bith sa ló ach le titim na hoíche bhíodh sé ann chomh soiléir is a bhí sé an chéad lá riamh.
    Bhíodh faitíos ar gach duine a ghabháil an bealach sin le titim na hoíche. Bhí rí ins an áit sin agus thairg sé leath a shaibhris agus a iníon le pósadh don fhear a thógfadh ón draíocht é. Na mílte míle ón áit sin bhí teach agus bhí go leor muirín ann, mac acu seo n raibh a fhios aige céard é faitíos.
    Nuair a deireadh buachaillí eile go mbíodh faitíos orthu, d'fhiafraíodh sé díobh céard é faitíos agus ar ndóigh ní raibh éinne in ann é a inseacht dó. Nuair a bhí sé ocht mbliana déag, dúirt sé nach ndéanfadh sé cónaí go bhfaigheadh sé amach céard é faitíos. D'imigh sé leis agus bhí sé ag siúl gach teach ach chinn air freagra a fháil. Cuireadh gach deis air ag iarraidh faitíos a chur air ach chinn ar gach duine.
    Lá amháin, bhí sé ag siúl leis mar ba ghnách agus chuaigh sé isteach i dteach ósta. D'fhiafraigh fear an tí dó ar shiúil sé mórán. D'inis an buachaill dó agus an fáth a bhí aige agus ansin d'inis an fear dó faoin gCaisleán Draíochta. Ansin chuaigh an buachaill go dtí an Rí agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Churraoin
    Gender
    Female
    Informant
    Maitiú Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    An Chloich Mhóir Thuaidh, Co. Galway