School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0210

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0210

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0210
  3. XML “Ór i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá garrdha againn féin in aice na farraige thíos agus 'sé an t-ainm a thugann muid air Garrdha an tSalainn. Tá sgeach a' fás i lár a' gharrdha agus faoi'n sgeach seo deirtear go bhfuil pota óir i bfolach ann. Maidin amháin suim blianta ó shoin bhí fear darbh ainm dó Páidín Chóil Labhráis (beannacht Dé le n-anam) ag fosuidheacht le beithígh in aice na h-áite. Bhí sé ag siubhal thart dó féin agus pé'rbi cé'n chaoi ar eirigh leis breathnú thar a' gclaidhe chonnaic sé an t-ór sgartha ar leic a bhí taobh leis an sgeach. Is beag nár thuit sé le sgannradh nr. a chonnaic sé é. Bhí an fear se[?] an-sanntach agus bhreathnuigh sé 'na thimcheall go mbeadh 'fhios a' raibh aon d. le feiceál timcheall na háite. Nr. a bhreathnuigh sé thart arís agus é ag dul ag tabht. leis an óir ní raibh a dhuth ná a dhath fágtha aige. Deirtear go b'é Seán Phádraic Liam a chuir an t-ór annseo sa tsean-aimsir.
    Garrdha an t-Seanbhaile
    Deirtear go raibh fear ag brionglóididhe trí oidhche i ndiaid 'chéile go raibh pota óir i bfolach i nGarrdha an tSeanbhaile. Chuaidh sé gá iarraidh. Nr. a tháinic sé go dtí an sgeach atá sa ngarrdha chonnaic sé an cat mór dubh ag tabhairt aire dhó. Chaith an cat pota óir amach chuige. Deirtear gurab é Tomás Thaidhg a chuir an t-ór i bhfolach ann.
    Deirtear freisin go bhfuil cat agus eascoin ag tabhairt aire do'n ór - go mbíonn iorball an chait istigh i gcluaisín an phota agus go mbíonn an cat 's an easgoin 'na suidhe ar an gclár. Deirtear nach mbíonn aon chodladh ar an easgon ach amháin nr. bhíos an sagart ag pléidhe leis an gCailís ag an Aifreann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Fhagharta
    Gender
    Female
    Age
    18649