School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0241

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0241

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0241
  3. XML “An Dearg Mór agus Conán Maol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí na fianna ar fad in éindigh fadó agus annsin ní raibh fir ar bith ní ba láidre na iad.
    Chuir an rí sgéala dhá n-iarradh as Éirinn go tír éigin eile ar dinnéar. Chuir sé fear dhá n-iarraidh a raibh An Dearg Mór mar ainm air agus éadach dearg a bhí air.
    Tháinig sé agus a long aige ar an tráigh agus thug siad leób é ag an teach ag dinnéar.
    Goll Mac Móirne an fear ba láidre do na fianna. Tar éis a ndinnéar dubhairt siad go rachadh siad síos ag an tráigh go bhfeiceadh siad cé aca ba láidre an Dearg Mór nó Goll.
    Bhí go maith agus ní raibh go h-olc, throid siad amach an lá sin go h-an-ghéar agus trathnóna nuair a d'eirigh siad as bhí siad mar a chéile.
    Ghlan siad suas iad fhéin agus chuaidh siad ag suipéar.
    Maidin lá ar na bhárach san áit céadhna tháinigeadar le chéile acht nuair a bhí sé ina thráthnóna bhí siad mar a chéile. Ghlan siad suas iad féin tráthnóna le dhul abhaile ag a suipéar acht d'fhan Conán Maol sgaitheamh 'na ndiaidh.
    Chonnaic sé bean ag tigheacht aniar le fairrge.
    D'fhiafruigh sé dhí cén fáth nach raibh an Dearg Mór ag fághail an cheann abh fearr ar Gholl.
    Tá buadh ag an dearg Mór faoí an snáth mara. Abair le do dearbhrathair Goll é chur thar an snáth mara agus níl aon bhrígh annsin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghréad Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Informant
    Tomás Ó Culáin
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway