School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0204

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0204

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0204
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna - An tAifreann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhíodh Aifreann dhá léigheamh thuas ar an sliabh in áit arb ainm dó Cloichreadh (Cloichre). Tá an áltóir ann fós, agus sé'n tainm a thugas na daoine air Cloch an tSagairt. Bhí sean-séipéal in Indreabhán fadó agus bhíodh na daoine ó'n gCnoc anoir agus ó Doire 'n Fhéidh aniar ag tigheacht ag Aifreann ann. Tá sean-bhallaí an t-séipéil fós ann.
    Tá pluais amuigh ar an sliabh ar a dtugtar a' Chlochair. Tá sgailp mór siar ann agus bhíodh na sagairt ag dul i bhfolach ann. Bhíodh cuid de na daoine thart ag sgéitheadh ar na sagairt agus bhíodh an oiread seo fuagartha ar chloigeann an t-sagairt ag na Sasanaigh mar bhí siad in aghaidh an Chreidimh Chaitilicigh.
    Thagadh sagart as Árainn chun Aifreann do léigheadh do mhuintir na h-áite seo. Thagadh sé i dtír thíos faoi íochtar na Minne. Thuas i gCloichre a léigheadh sé an tAifrean, ar Charraig an Aifrinn. Ar bruach a' locha annsin tá Coradh an t-Sagairt, ["Cara" an tSagairt] agus pluais a' tSagairt. T.Ó S.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Síle Ní Chonghaile
    Gender
    Female
    Address
    Indreabhán, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Ó Conghaile
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    Indreabhán, Co. Galway