School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0215

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0215

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0215
  3. XML “Na Blácaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá go leór seanchus ag na sean daoine faoí na Blácaigh a bhí san g Claisleán. Bhí sguaidirín maith acú ánn. Deirtear gur as Cúige Uladh a tháinig a mbunughadh. Séamus a' Bláca dob' ainm don sean-blácach agus bhí sé pósta agus bhí triúr mac aige Ártúr, Ristéard, agus Henry. Bhí clánn inghean aige freisin deirtear acht bhí siad an-lághach.
    Bhí teach mór tóighte ag na Blácaigh agus sgioból go leór freisin acú. Bhí siad ag déanamh geurleamhaint ar na daoine. Bíodh na daoine thart ag obair acú agus sé'n tiócaidheacht a gheodhfadh siad uatha buille mara mbeadh go leór oibre déanta acú tar éis an lae. Rinne siad sgonnsaí móra árda agus fallaí dóib freisin agus dearnadh iad chomh láidir agus go bhfuil siad 'na seasamh fós. Tá an teach agus an chuid eile beagnach de na sgiobóil na seasamh fós. Bhíodh na daoine ag obair acú laetheannta brothallacha san b Fóghmhar agus bhíodh míoltóga ánn, dá dtosuigheadh aoinne ag cur a lámh ar a chloigeann dhá sgríobadh fhéin thiúbhradh Ártúr leis iad agus chaitheadh sé síos i bpoll an mhianaigh iad ag reithe mór drochúinte agus bhainfí dhíobh a gcuid éadaigh agus d fhágfaí annsin iad go mbeadh siad leath mharbh aige. Dhá mbheadh caora,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Chonghaile
    Gender
    Female
    Address
    Indreabhán, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Ó Conghaile
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    Indreabhán, Co. Galway