School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
Tully, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Filter stories

Back
/ 0268 Forward
Resolution: Low | High
Oíche Fhéile Sin Seáin

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0198

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tuiteann Oidhche 'Teine Cnáma ar an 23adh de mhí Mheitheamh. Nach ar na páistibh sgoile a bhíos an bród an oidhche sin, nuair a thagann siad abhaile ó'n sgoil! Ní dhéanann siad tada acht a ndinnéar a ithe, agus tagann siad isteach i dteach atá i n-aice an chnocáin, a bhíonn siad ag fadú na teine ann, agus tugann siad cúpla splannc leóbh as an teach sin, agus gabháil mhaith món. Faduigheann siad an teine sin ar an gcnocán is aoirde ar an mbaile, agus fágann siad annsin í, nó go mbíonn sé na thráthnóna. Annsin cruinnuigheann na daoine fásta thart timcheall na teine, agus piocann siad amach beirt bhuachaillí beaga a cheapfhas siad a bheith cneasta, agus cuireann siad iad sin ag cruinniú airgid i ngach teach ar an mbaile. Tugann gach duine ar an mbaile, ubh nó pinghin dhóibh. Bíonn builcín maith uibheacha aca, agus iad go sócamhlach aca i gciseán beag deas. Téigheann siad ag an siopa leób sin, agus fághann siad ola ortha. Tugann fear nó bean an t-siopa braon beag eile ola lé cois dhóibh.

Téigheann siad go dtí an teine annsin, agus bíonn na liathróidí déanta aca rómpa as ceirteachaí. Caitheann siad braon den ola sin ar chuid de na liathróidí, agus annsin a bheadh an spraoi ag caith 'suas na liathróidí agus iad lasta, agus gach duine aca ag iarraidh an liathróid a chur níos aoirde ná an duine eile. Nuair a bhíos na liathróidí caithte aca, agus é in am dhul a chodladh, tugann gach duine splannc abhaile leis. Sgaoileann siad an splannc

(continues on next page)
Collector
Bairbre Ní Choisdealbha
Gender
female
Age
14
Address
Keeraunnagark North, Co. Galway
Language
Irish