Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Oíche Fhéile Sin Seáin

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0198

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tuiteann Oidhche 'Teine Cnáma ar an 23adh de mhí Mheitheamh. Nach ar na páistibh sgoile a bhíos an bród an oidhche sin, nuair a thagann siad abhaile ó'n sgoil! Ní dhéanann siad tada acht a ndinnéar a ithe, agus tagann siad isteach i dteach atá i n-aic[?] an chnocáin, a bhíonn siad ag fadú na teine ann, agus tugan siad cúpla splannc leóbh as an teach sin, agus gabháil mhaith món. Faduigheann siad an teine sin ar an gcnocán is aoirde ar an mbaile, agus fágann siad annsin í, nó go mbíonn sé na thráthnóna, Annsin cruinnuigheann na daoine fásta thart timche[?] na teine, agus piocann siad amach beirt bhuachaillí beaga a cheapfhas siad a bheith cneasta, agus cuireann siad iad sin ag cruinniú airgid i ngach teach ar an mbaile. Tugann gach dui [?] ar an mbaile, ubh nó pinghin dhóibh. Bíonn builcín maith uibheacha aca, agus iad go sócamhlach aca i gciseán beag deas. Téigheann siad ag an siopa leób sin, agus fághann siad ola ortha. Tugann fear nó bean an t-siopa braon beag eile ola lé cois dhóibh.
Téigheann siad go dtí an teine annsin, agus bíonn na liathróidí déanta aca rómpa as ceirteachaí. Caitheann siad braon den ola sin ar chuid de na liathróidí, agus annsin a bheadh an spraoi ag caith 'suas na liathróidí agus iad lasta, agus gach duine aca ag iarraidh an liathróid a chur níos aoirde ná an duine eile. Nuair a bhíos na liathróidí caithte aca, agus é in am dhul a chodladh, tugann gach duine splannc abhaile leis. Sgaoileann siad an splannc

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Bairbre Ní Choisdealbha
Inscne
baineann
Aois
14
Seoladh
Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge