Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
An Tulach | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0197

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

chuid searbhógantaí eirighe go beó go raibh na bromaigh dhá ngoid.
D'eirigh na searbhógantaí chuaidh siad ag breathnú ar na bromaigh acht ní fheacadhar aon duine. Tamall ina dhiaidh sin, shíl triúr mac an rí agus an Gadaidhe Dubh na bromaigh a thabhairt leó acht bhí siad ag spéachad agus ag réabadh agus dubhairt an rí le na chuid searbhógantaí a bheith 'na suidhe go beó mar go raibh na bromaigh dhá ngoid. Amach le na searbhógantaí acht ní fheaca siad dada agus tháinig siad isteach aríst agus iad sáthach corruighthe leis an rí ag ceapadh gur ag madadh fútha a bhí an ríogh.
D'fhiafruig an rí dhóibh ar thóruigh siad an cró.
Dubhairt siad nár thóruigh. Amach leó aríst agus thóruigh siad an cró agus fuair siad triúr mac an ríogh ann agus an gadaidhe dubh.
Tugadh isteach os comhair an ríogh iad. D'aithnig an rí an gadaidhe dubh agus dubhairt sé go b'é an Gadaidhe Dubh a d'íocfadh as.
Crocadh suas an Gdaidhe Dubh agus d'fhiafruigh an ríogh dhó a raibh sé i ngábhadh níos mó ná sin ariamh.
"Bhí mé oidhche anháin," adeir an Gadaidhe Dubh ag siubhal an bhóthair. Bhí triúr fear ag déanamh orm agus conra ar iomcur aca. Ní raibh aon áit agam le dhul ach suas ar chrann agus iad a sgaoileadh tharm. Cé'n áit a leagaidís an chonra acht faoi bhun an chrainn. D'imthig leó annsin. Céard a bheadh sa gconra acht bean a bhí goidhthe aca ó'na hathair agus ón a máthair.
Thug mé liom an bhean agus sgaoil mé abhaile í. Cé is mó an gábhadh é sin ná mé a bheith crocta suas annseo."
Bhí an chéad mhac an rí saor annsin.
Crochadh suas an Gadaidhe Dubh aríst agus d'fhiafruigh an ríogh dhó a raibh sé i ngábhadh ariamh níos mó na sin.
"Bhíos" adeir an Gadaidhe Dubh, "Bhí mise oidhche" adeir an Gadaidhe Dubh agus cé a bheadh ag deanamh orm acht an triúr fear céadna ar sgaoil

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Séamus Bolustrom
Inscne
fireann
Aois
1166929
Faisnéiseoir
Séamus Bolustrom
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
60
Seoladh
Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge