Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0129
  3. XML “Seanscoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nóra Ní Chuirín do sgríobh sios.
    Ó Sean Ó Cuirin as Caorán do fuair mé an seanchus seo.
    Ins an am fadó ní bhíodh aon sgoil náisiunta aca acht iad ag múnadh i dtighthe agus sna garrdhannta. Bhí scoil ar mo bhaile féin i gCaorán i dtigh Máire Bhreathnach. Máighistir do bhí ag múnadh ins an sgoil sin. Máirtin Ó Briain dob'ainim dón máighistir. Ní mhúinidís aon ádbhair tré Ghaedhilge acht Béarla abhí ar fad aca. Dá gcloisfeadh na muuniteóir ag labhairt aon Ghaedhilge na gasúir bhuailfeadh siad iad. Stróinseara abhí ins an máighisthir seo. Ní bíodh aon teach comhnuidhthe ag an máighistir acht ghabhadh sé abhaile i néindigh le gasúr éigin gach oidhche.
    Ní geobhfadh siad aon pháige acht an méid a thiubharfadh na gasúir féin dóibh. Thiubharfadh na gasúir bheaga pingin sa tseachtmhain dóibh agus annsin de réir mar beadh siad ag dul insa na ranganna bheadh siad ag íoc sgilling agus sé pingne.
    Bhí teach sgoile ag máighistir eile thuas i Ros a Mhíl
    Catháin an sloinne bhí air. Na scolairí ba bh'fhearr dhá raibh ins na scoileanna an tam sin ní bheadh siad acht ins an gceathrú rang. Ní bhíodh peann na cóip-leabhair aca an tam
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chuirín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cuirín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe