Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0209

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0209

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0209
  3. XML “Cnoc Dabhach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl aon chnuic an-árd sa gceanntar seo ach amháin Cnoc Dabhach agus Cnoc na hInghine agus is ar éigin a d'fhéadfá árd a rádh leó sin féin. Tá Cnoc Dabhach ar an taobh ó thuaidh uilig de'n pharráiste. Feicfe tú go maith siar ó thuaidh uait é agus tú 'do sheasamh ag Cros-bhothar na Tulaighe agus an dabhach cruinn 'na suidhe ar a bharr. D'innseóchadh Labhrás Ó Conghaile dhuit faoi'n mbean a chonnaic an dabhach óir ar mhullach an chnuic seo maidin lae Bealtaine le heirighe gréine agus í ag tigheacht abhaile leis an mbainne taréis di a cuid beithidheach a bhleaghan. Nuair a chonnaic sí an dabhach mór agus maoil air leis an saidhbhreas soillseach leath a dhá súil le glionndar agus mhéaduigh a croidhe le dúil san ór. Chaith sí uaithi a ceaintín. D'fháisg sí greim daingean le n-a leath-láimh ar a cótaí agus abhaile léi agus a h-anam in a béal.
    "Ór! Ór! Tá muid saidhbhir go deo!" - bhí an fhuagairt déanta aici sul chas sí corr na binne féin. Níor thug sí tríáil di féin aon chainnt eile a rádh leis an bhfear acht rug greim gualann air agus tharraing léi é. Siúd seisean cos ar chois léi thar tamhnachaí is thar tuláin ar nós duine bheadh faoi dhraoidheacht, ise ag sméideadh le na láimh dhó agus a dhá súil sáidhte san áit a raibh an t-ór. Bhí smúit tar-éis a theacht ar an ngréin agus ceó beag ar an gcnoc. Ach siúd ar aghaidh an bheirt agus iad ag gearradh in aghaidh an áird. Faoi dheireadh bhíodar ar a bharr. Acht mo léan ní raibh aon ór soillseach ann le na dturas a chúiteamh leo. Bhí an dabhach óir ina charraig eibhir, lom agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cnoc Dabhach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Ghabhnaín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    78
    Seoladh
    Indreabhán, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Cualáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Labhrás Ó Connghaile
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Learaí Ó Biaidh
    Aois
    86
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe