Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0249
- XML “Ridire na gCleas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus is fadó bhí dhá mbeadh sé ann an uair sin ní bheadh sé ann anois nó sin bheadh úr-sgéal nó sean-sgéal aige nó mar sin bheadh sé gan aon sgéal.
Feilméara abhí ins an duine seo agus ní raibh aige acht aon mhac amháin.
Aon tráthnóna amháin tháinig fear isteach chuige agus d'iarr lóistín dhó féin agus don dáréag abhí i n-éindigh leis.
"Suarach liom mar tá sé agam le t'aghaidh ar san feilméar acht bhéarfaidh mé dhuit é chomh maith is atá agam."
Ba ridire abhí ins an bhfear seo.
Fuair an feilméar suipéar réidh dhóibh chomh maith agus abhí aige.
Tar éis an bhéile d'iarr an ridire ar an dáréag seo eirighe suad agus píosa gaisgidheacht a dhéanamh do'n fhear seo.
D'eirigh an dáréag agus rinneadar gaisgidheacht dhó agus ní fhaca an fear seo ariamh píosa gaisgidheacht dob' fearr ná é.
"Maiseadh" deir fear an tighe "ní bhfearr liom ná na mílte punt dhá mbeadh mo mhac i ndon sin do dhéanamh."
"Leig liom-sa é" arsan ridire, "go ceann lá agus bliadhain agus beidh sé chomh maith le ceachtar do na buachaillibh seo atá agam"
"Leigfead," ars an fear, "acht go dtiúbhra tú ar ais chugam é i gcionn lá agus bliadhain"
"O tiúbharfaidh" ars an ridire.
Fuair sé bricfasta réidh ar maidin lá ar na bhárach dhóibh nuair a bhíodar ag dul ag imtheacht. Leig an feilméar a mhac leó agus d'fhan sé lá agus bliadhain imthighthe
I gcionn lá agus bliadhain tháinig siad abhaile agus an mac i n-éindigh leó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe