School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Location:
- Kinvarra, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní raibh aon dochtúirí sa gceanntar fadó agus nauir tháinig galar ar duine bhí air leigheas d'fhághail dó féin. Is le luibheanna áirighthe a dheineadar galar a leighsiú sa t-sean-aimsir. Is amhlaidh a dheineadar luibheanna a mheasgadh le na chéile.
Núair tháinig tinneas fíachail ar dhuine sé rud a rinne sé ná frog a mharbhú agus a chos a chur isteach in a bhéal. D'fhág sé an frog in a bhéal ar feadh leath-uaire agus núair thóg sé an cos amach bhí an tinneas fíachail imthighthe.
Nuair a bhí craos-galar ar duine, sé rud a rinne sé ná a stoca a cheangal thar timcheall a mhuinéil ag dul a chodhladh dhó. Núair a dhúisigh sé ar maidin bhí air é féin a nigheadh le h-uisge beirbhighthe agus tar éis sin bhí an galar imthighthe.
Núair bhí triuch ag duine sé rud a rinne sé ná bíadh a bhí fágtha tar éis firéid d'fhághail agus é d'ithe. Bhí an triuch imthighthe l'ar na bhárach. Cúpla míle(continues on next page)- Collector
- Máire Uí Laoghaire
- Gender
- Female
- Address
- Kinvarra, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Kinvarra, Co. Galway