School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Location:
- Kinvarra, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhí a lán fir tréanmhar in Eirinn. Fir a bhí indhan rudaí tréanmhara á dhéanamh. Bhí fir tréanmhar i gConndae na Gaillimhe cómh maith le h-aon chonndae in Éirnn mar an áit ar á dtugtar Cinn Mhara bhí laochra tréanmhar ann.B'é an saghas laochra é á raibh indhan á lán meadhean ana-trom á thógáil as an dtalamh gan aon trioblóid. B'e an t-ainm á bhí air ná "Seán Ó Catháin." Bhí sé in á chómhnuidhe í "bPoll na bFíadh." timcheall ceithre míle ó Cinn Mhara. Bhí an fear sin indhan an mheadhchan sin d'iomchur núair bhí sé sé blíana déag d'aois. Bhí sé indhan búaidh á thabhairt thar aon fear eile san bparóisde.Úair amháin bhí á lán fear ag rith rás í bpáirc. Bhí an laochra sin chun an ráis sin á rith in éinfheacht leó. Bhí an búaidh ag an laochra núair bhí an rás críochnuighthe. Bhí an laochra sin indhan crann á thógáil as an dtalamh d'aon cuireadh amháin. Bhí sé féin agus fear eile ag siubhail tré coillte (?) lá. Tharla go rabhadar ag eirighe tuirseach agus bhí an oidhche ag tuitim. Ní raibh duine ná deóraidhe in á n-aice, ná oiread is teach(continues on next page)
- Collector
- Máire Uí Laoghaire
- Gender
- Female
- Address
- Kinvarra, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Kinvarra, Co. Galway