Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 189
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)de'n fhuinneóg thuas an staighre. Dubhairt fear an toighe go bhfuigheadh sé sin. Nuair a chuaidh sé tamall san oidhche rinne an fáinne fear dó féin arís agus d'innis dó'n chailín caidé mar bhi.
"Caithfidh tú mise a thabhairt dó'n fhear thíos ar maidín. Nuair a bhéas tú dá dhéanamh sin sín uait trasna na teineadh mé agus lig damh tuitim sa teine".
Ar maidín chuaidh an t-athair suas chuig an ingin agus dubhairt sé léithe go gcaithfeadh sí an fáinne a thabhairt dó'n fear a d'fhan aca an oidhhe roimhe ré. Dubhairt sí gur dheacair díthe an fáinne a thabhairt dó, no gur sin fainne a tháinig agus a chuaidh suas ar a méir.
"A ingean", arsa an t-athair, "caithfidh mé mo gheall a choingbhail".
"Ma ghlacann sé an fáinne uaim-sa trasna na teineadh gheobhaidh sé é", arsa an ingean.
Tháinig an ingean anuas. Shuidh sí ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Meadhbh Nic Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seamus Mac Aodha
- Inscne
- Fireann