Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go ndéanfadh si féasda do'n t-sagart. Rinne agus d'iarr sí ar an t-sagart suidhe isteach chuig an fhéasta. Shuidh an sagart isteach agus bhi cat mór dub i n-a shuidhe ag an tábla. Dubhairt an sagart nach n-iosfadh sé blas bídh go n-imtheochadh an cat ón tabla. Gach iarraidh da gcuirfeadh sé anuas an cat léimfeadh sé suas arais. Sa deireadh d'íarr bean an toighe air gan baint leis an chat no go bhfághadh sé an céad chuid de'n bhíadh i dtólamh. Dubhairt an sagart nach cat a bhi ann ach an díabhal. Dubhairt bean an toighe nar bh'eadh. Thug an sagart amach a phortas agus chuaidh a leigheadh as. Thionntuigh a rabh sa teach leis an t-sagart. Fá dheireadh thiompuigh an cat dubh a n-a fhear. Chuir an sagart ceist air cá rabh sé nuair a bhi seisean ag leigheadh a leabhair. Dubhairt sé go rabh sé thíos i n-Ifrionn agus na slabhraidh da sgaoileadh do. Chuir an sagart ceist air ca rabh sé nuair a bhi seisean ag coisriocadh an(leanann ar an chéad leathanach eile)