School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Page 515
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chaithfuigh tú long a chuir ar fairrghe agus bidhe lá agus bliadhain a chuir uirtí, agus a gabhail go dtí an dómhain thoir, no tá da mhac ag an fear beag ribeach ruadh sa dómhain thoir agus dhá mac deag eile Ríogh agus iad na gcolamáin aige ag deanamh peisragaí.
Nuair a bhualaidh túsa an dómhain thoir sé an cead rud a castaí ort an fear beag ribeach ruadh agus béith an luthair air romhad, agus bhéirfaidh sé chun toighe thú, agus chuiraidh sé tábla bidhe agus [d’dhe]? romhad a leitead na bhfachaidh tú aráim. Ach abair tusa na itheann tú no na olachann tú agus ná gcoladh tú aon oidhche amain in-a teach go dtí go bhfuigh tú da mhach. Déirfeidh seisean annsin go go bhfuigh tú sin agus fáilte ma h-aithineochaidh thú é, acht abair tusa leis na iarrfan tú é ma aithineochaidh tú é. Beireaidh sé leis sgeala choirce agus facha sé ar an urlar é, agus annsin rathaigh sé amach agus shéididh sé an dorn fiadhain agus tiocfaidh na trí colamáin déag isteach agus radhaigh siad ag ithe na choirce.
Tógaidh achan colamáin acha cleite in-a ruball agus ma bhfuigh tusa greim air, sal in ur dtogaí achan colamáin eile dhá cleite in a ruball, no sé da mhac sa an cead colamain a tógas dhá cleite in a ruball agus ina bhfuigh tusa greim air sal a dtógaí na colamáin eile dhá cleite in a(continues on next page)- Collector
- Séamus 'ac a Luain
- Gender
- Male
- Address
- An Beangán Buí, Co. Donegal
- Informant
- Tomás 'ac a Luain
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Beangán Buí, Co. Donegal