Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Leathanach 516
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)béidh dá mhac cailte go deo agat. Bhí sin maith go leor. Dimthigh an Ríogh chuir long air fairrge agus níor stad sé go rabh sé sa dómhain thoir.
Nuair a thanaig sé amach as an long ins an domhain thoir sé an cead casamh air, an fear beag ribeach ruadh, agus bhí an luthair ar roimhe Ríogh Éire, agus thug leis chun toighe é, agus chuir tábla mór bidhe agus didhe roimhe a leitead na bhfacaidh se ariam, acht dubhairt an Rígh na itheann sé nó olachann, agus na gcoladh sé aon oidhche amhain in a theach, go bhfuigh sé a mhac. Dubhairt an fear beag ribeach ruadh leis go bfuigh sé sin agus fáilte, da n-aithineochaidh sé é. Níl mé da iarraidh ina aitheocam é, arsa Ríogh Éire.
D’éirig an fear beag ribeach ruadh amach agus shéid sé an dorn fiadhain, agus tanaig na trí colamáin deag isteach, agus thosaigh siad ag ithe na coirce. Thóg achan cholamáin acha cleite in-a ruball, agus sé mac Ríogh Éire an cead colamáin a thóg dhá cleite in a ruball, ba mhaith a bhaise d’on Ríogh é, fuair greim ar a mhac sal a bfuair na colamáin eile fáil dhá chleite thógailt. Nuair amhain a fuair sé greim air thontaigh sé isteach in-a bhuacháil óg agus bhí an lutháir ar roimhe áthair anois a deir sé leis an athair tá tusa amuigh moran airgead liom-sa agus tá muid fa trí la subhal an long a bhéirfeas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus 'ac a Luain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Beangán Buí, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Tomás 'ac a Luain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Beangán Buí, Co. Donegal