School: Loch Measca

Location:
Caherrobert, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 307

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 307

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 307
  3. XML “Seanfhoirgnithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    BAILE - an - CALAIDH
    Baile beag ar bhruac Loch Measga is eadh é. San am fadó bhíodh tráchtáil ar siubhal ar an loch idir an áit seo agus Túr-Mhic-Éidigh. Bhíodh báid mhóra agus báid bheaga go fáirsing ann. Tá roilig ann agus an áit in a bhfuil an roilig anois bhí cill agus caisleán san am fadó. Níl ann anois acht na sean-fhothracha. Rugadh Rí mór cumhachtach i gConnachta ins an gCaisleán Baile-an-Chalaidh, (1106 - 1156). Toirdhealbhach Ó Conchubhair ab'ainm dó.

    CATHAL CROIBH DHEARG O'CONCHUBHAIR
    Mac Toirdhelabhaigh Mhóir ab eadh é. Rugadh é i mBaile-an-Chalaidh. Bhí sé go maith do no boicht agus do dhaoine cneasta ar bith ar theastuigh cabhair uatha. Rinne sé mainistreacha áilne ar fud na cúige. 'Sé rinne an ceann áluinn atá le feiceál go fóill i mBaile-an-Tobair san gconndae seo. Rinne sé Mainistir Átha Luain ar bhruach na Sionainne agus Mainistir Chnoc Muaidhe i gCo. na Gaillimhe. Bhí sé in a rí tar éis Ruaidhrí Uí Conchubhair a dhríothair. Fuair sé bás san mbliain 1224 agus cuireadh é i reilg Cnoc Muaidhe.

    LEABA DHIARMUDA
    Tá an leaba seo míle go leith ó'n scoil seo agus ar an mbealach go Baile-an-Róba. Deir na sean daoine go raibh Diarmuid agus Gráinne i bhfolach annsan am fadó. Ní raibh Gráinne sásta a bheith pósta le Finn Mac Cuthmhail, mar sean-fhear do bheadh é agus a mhac Oisín in-phósta.
    D'iarr Gráinne ar Oisín (mac Fhinn) a dul in éinfeacht léí, acht bhí sé geallta le cailín eile. (Naimh Cinn Óir)
    D'iarr sí ar Diarmuid agus chuaidh sé in éinfheacht léi.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine de Brún
    Gender
    Female
    Address
    Inishmaine, Co. Mayo
    Informant
    Máirtín Ó Brannagáin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    86
    Address
    Knocknamucklagh, Co. Mayo