Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 307
- XML “Seanfhoirgnithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)BAILE - an - CALAIDHBaile beag ar bhruac Loch Measga is eadh é. San am fadó bhíodh tráchtáil ar siubhal ar an loch idir an áit seo agus Túr-Mhic-Éidigh. Bhíodh báid mhóra agus báid bheaga go fáirsing ann. Tá roilig ann agus an áit in a bhfuil an roilig anois bhí cill agus caisleán san am fadó. Níl ann anois acht na sean-fhothracha. Rugadh Rí mór cumhachtach i gConnachta ins an gCaisleán Baile-an-Chalaidh, (1106 - 1156). Toirdhealbhach Ó Conchubhair ab'ainm dó.
CATHAL CROIBH DHEARG O'CONCHUBHAIRMac Toirdhelabhaigh Mhóir ab eadh é. Rugadh é i mBaile-an-Chalaidh. Bhí sé go maith do no boicht agus do dhaoine cneasta ar bith ar theastuigh cabhair uatha. Rinne sé mainistreacha áilne ar fud na cúige. 'Sé rinne an ceann áluinn atá le feiceál go fóill i mBaile-an-Tobair san gconndae seo. Rinne sé Mainistir Átha Luain ar bhruach na Sionainne agus Mainistir Chnoc Muaidhe i gCo. na Gaillimhe. Bhí sé in a rí tar éis Ruaidhrí Uí Conchubhair a dhríothair. Fuair sé bás san mbliain 1224 agus cuireadh é i reilg Cnoc Muaidhe.
LEABA DHIARMUDATá an leaba seo míle go leith ó'n scoil seo agus ar an mbealach go Baile-an-Róba. Deir na sean daoine go raibh Diarmuid agus Gráinne i bhfolach annsan am fadó. Ní raibh Gráinne sásta a bheith pósta le Finn Mac Cuthmhail, mar sean-fhear do bheadh é agus a mhac Oisín in-phósta.D'iarr Gráinne ar Oisín (mac Fhinn) a dul in éinfeacht léí, acht bhí sé geallta le cailín eile. (Naimh Cinn Óir)D'iarr sí ar Diarmuid agus chuaidh sé in éinfheacht léi.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine de Brún
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inis Meáin, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Brannagáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Cnoc na Muclach, Co. Mhaigh Eo