Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 293
- XML “An tIasc Mór”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-Iasc mór.Bhí amadán ann uair amháin agus níor bhféidir leis aon obair a dhéanamh. Chaitheadh sé gach lá ag fiadhach coinín nó ag iasgaireacht i Loch Measga. Bhí slat breágh iasgaigh aige agus is minic a ghabhadh sé bric mhóra ins an loch.
Lá amháin nuair bhí sé ag iascaireacht ghabh sé bradán mór agus thug sé leis abhaile é agus bród an-mhór air. D'itheadar an bradán agus mholadar an t-iascaire go mór.
Cúpla lá in a dhiaidh sin nuair do bhí an t-amadán ag dul ag iascaireacht arís casadh iascaire eile air, agus d'fhiafruigh dhe an raibh an bradán a ghabh sé an-mhór.
"O," ars an t-amadán, "nuair tharraing mé amach as an uisce é do thuit an t-uisce troigh san loch."- Bailitheoir
- Mícheál Ó Cillín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Móna, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Murchadha
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 22
- Seoladh
- Cill Odhar, Co. Mhaigh Eo
- Sgéal.Nuair do bhí Iúdas ag teach [!] ar ais tar éis ár Slánuightheóir do dhíol chuaidh sé isteach i dteach áirithe. Bí teine mhór ann agus coileach ag fiuchadh i bpota ós a cionn.
D'iarr fear-an-tighe ar Iúdas an raibh ár Slánuightheóir marbh. Dubhairt Iúdas go raibh sé chomh marbh leis an gcoileach a bhí ins an bpota.
Ar an bpoinnte boise d'éirigh an coileach amach as an bpota, sheas sé ar an urlár, agus ghlaoidh sé amach ós árd, "Mac na hOighe slán."
Tháinig faitchios ar Iúdas, rith sé amach, fuair sé téad agus chroch sé é féin.