Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 321

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 321

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Measca
  2. XML Leathanach 321
  3. XML “An Leipreachán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An lioprachán.
    Fuaireamar an scéal seo ó sean-fhear ins an gceanntar seo. Dubhairt sé go raibh sé in a chomhnuidhe in aice le Cathair na Márt agus Cruach Phádraig nuair do bhí sé óg, acht nuair fuair a athair agus a mhathair bás tháinig sé annseo ar lorg oibre. Do shocruigh sé annseo.
    Seo é an scéal:-
    "Nuair a bhí mise i mo ghasúr bhíos i mo chomnuidhe ag bun na Cruaiche. Bhí go leor cnuic eile thart ar an áit agus bhí coill mór ar bhárr chnuic aca agus bhí bóithrín beag garbh ag imteacht ó'n teach suas go dtí an coill. Bhíodh cailíní an bhaile go minic san gcoill ag cruinniú brosna, agus bhíodh gasúir an bhaile annsin san oidhche ag breith ar éanacha.
    Bhí mé féin aerach spóirtiúil agus mé in mo lead óg agus is minic bhíos amuigh gach oidhche sa t-seachtmhain, fliuch nó tirim, fuar nó te.
    Oidhche Shamhna chuaidh mise amach liom féin ag coinnleóireacht (ar lorg éanacha agus coinneal lasta ag duine) Bhí lóchrann mór agam agus bhí sé ag tabhairt soluis bhreágh. Shiubhail mé siar an garraí agus amach ar an mbóithrín beag garbh. Bhí an tír ar fad i n-a codhladh agus bhí an oidhche chomh dubh le clár dubh na scoile, acht ní raibh faitchíos orm-sa roimh rud ar bith. Bhí mé ag siubhal go dtháinig mé go dtí an choill.
    Bhí an choill an-dhubh agus ní raibh gleo ná torann innte. Do dhúisigh éanacha beaga na coille nuair bhuaileas na géaga leis an mbata. D'eiteall siad suas agus anuas, arís agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. leipreacháin (~1,007)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Cháthasaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chraobhach Láir, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Geannáin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    87
    Seoladh
    Droim Síl Íochtarach, Co. Mhaigh Eo