Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 333

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 333

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Measca
  2. XML Leathanach 333
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt fhear ar a laetha saoire ar Oileán na Caillighe i Loch Measga. As Sasana do b'eadh iad. Chuaidheadar amach le fear as an áit seo lá amháin ag iascaireacht. D'eirigh stoirm mór ar an loch agus bhí an bád ag luasgadh anonn is anall ar na tonntracha móra ar nós faoileán.
    Bhí faitchios an domhain ar na Sasanaigh. Dubhairt an bádóir leo go raibh aithne aige ar gach carraig i Loch Measga.
    Niorbh fhada gur caitheadh an bád suas ar charraig.
    Dubhairt duine de's na Sasanaigh "Ceap mé gur dhubhairt tú go raibh aithne agat ar gach carraig ins an loch" leis
    "Tá leis" ars an fear, "sin ceann aca aníos".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siún Ní Dálaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cnoc na Muclach, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Peig de Búrca
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    20
    Seoladh
    Baile an Chalaidh, Co. Mhaigh Eo
  2. Scéal
    Aon uair amháin chuaidh fear as an gceanntear seo go sagart paroiste san Néil i gcomhair leitre iomchair. Meisgeóir a bhi ann.
    Dubhairt an sagart leis nach bhfeadfadh sé litir a thabhairt dó.
    Ansinn dubhairt an fear.
    "An bhfaca tú mé ariamh ag goid aon rud?"
    "Ní fhaca mé," ars an sagart.
    "Bhuel nach féidir leat é sin a chuir síos" ars an fear.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.