Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 284
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhaiseanna 1dh mí Nodlag 1937.
Tá cailín ar m'aigne dom
Cailín beag buidhe.
Is deas san lá í, is deise san oidhche í.
Nuair a ólainn sí uisce geibheann sí bás
Acht cuireann an mhóin í ag borradh agus ag fás.
Suidh síos na haice agus má aitnigheann tú í,
A chara, céard is ainm at mo chailín buidhe?
Teine.
Cárghlaoidh an coileach nuair a chuala gach a raibh sa Domhan é?
San Airc.
Deatach san ngleann agus gan aon splannc ann.
Ceo.
Treasa de Búrca (Dábra)
baile. an. Calaidh.
Séamus de Burca (65 bl.)
baile. an. Calaidh.
Caisleán-na-h-éille.
Tomhaiseanna.
Caora dhubh agus lomra bán uirri.
Greideal.
Is cruinne é na do cheann
Is sia é ná na mílte crann.
Ceirtlín snaithe.
Níl sí amuigh agus níl sí istigh
Acht tá sí faoi dhíon an tighe.
Fuinneóg,
Chuaidh mé suas an bóthar,
Thainig mé anuas an bóthar,
Agus thug mé an bóthar liom ar mo dhruim.
Dréimire.- Bailitheoir
- Treasa de Búrca
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Chalaidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Séamus de Búrca
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Baile an Chalaidh, Co. Mhaigh Eo
- Is cruinne é na do cheann
Is sia é ná na mílte crann.
Ceirtlín snaithe.
Níl sí amuigh agus níl sí istigh
Acht tá sí faoi dhíon an tighe.
Fuinneóg,
Chuaidh mé suas an bóthar,
Thainig mé anuas an bóthar,
Agus thug mé an bóthar liom ar mo dhruim.
Dréimire.(leanann ar an chéad leathanach eile)