Scoil: Loch Measca

Suíomh:
Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 294

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 294

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Measca
  2. XML Leathanach 294
  3. XML “An Fear Cráite”
  4. XML “Scéalta Beaga”
  5. XML “Bríste Sheáinín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Fear Cráidhte.
    Uair amháin bhí fear ins an gceanntar seo agus bhí sé sanntach. Tráthnóna amháin tháinig cara chuige chun an oidhche do caitheamh in aoinfeacht leis. Níor mhaith leis an fear é dó choinneál ar feadh na hoidhche. Chuaidh sé go dtí an fhuinneóg agus ar seisean. "Tá an oidhche geal agus an bóthar breágh, ach[t?] mar sin fan go lá."
    Seo é an chaoi a dubhairt sé leis an gcaraidh dul abhaile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Chathasaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chraobhach Láir, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Bean Mhic an Bháird
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Cill Íomair, Co. Mhaigh Eo
  2. Sgéalta beaga.
    Ba ghnáthach le Seán Piobaire suidhe ar an gclaidhe ar thaobh an bhóthair ag imirt na bpíob tar éis aifrinn gach Domhnach i mbaile beag san gceanntar seo. Deireadh Seán nach raibh port i nÉirinn nach raibh aige.
    Domhnach amháin bhuail an sagart an bóthar agus Seán ag imirt. Stad an sagart. "Bhfuil eolas agat ar na deich n-aitheanta a Sheáin?" ars an sagart lei[s.] Rinne Seán machtnamh, agus arsa sé, tar éis tamaillín:
    "Seinn cúpla nóta dhe, a athair, agus imreóchad duit é."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Bríste Sheáinín.
    Bhí bean in aice na háite seo i bhfad i bhfad ó shoin. Bhí sí an-bhocht. Ní raibh acht aon mhac aici - Seánín a b'ainm dó.
    Níor bh'fhéidir léi bríste nua do cheannach dó, cé go raibh sé ag teastá[il] uaidh go géar. Ghabh sí chuicí sean-bhríste le'n a athair agus ghiorruigh sí agus thóg sí isteach é, agus rinne sí bríste beag do Seáinín as. Chuaidh Seáinín ar scoil agus a bhríste nua air.
    Nuair tháinig sé abhaile sa tráthnóna bhí sé ag gol.
    "Céard tá ort, a chuidín?" arsa a mhathair leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.