School: Loch Measca

Location:
Caherrobert, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 298

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 298

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 298
  3. XML “Na Féilte”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. LÁ L' STIOPHÁIN
    Téigheann na gasúir thart ó theach go teach agus dreoilín beag aca i mbosca beag deas. Deireann siad:-

    " A Dreoilín, a dhreoilín, rí na n-éan!
    Is mór é a muirighean agus is beag é féin.
    Lá l'Stiopháin gabhadh é,
    Pinghinn nó leath-phinghinn is beidh sé réidh.
    Éirigh shuas a bheán an tighe,
    Craith an donas as do chroidhe,
    Is tabhair rud éicint do'n Dreoilín. "

    LÁ COILLE
    Deirtear nach bhfuil sé ceart aon obair a dhéanamh ar an lá seo. Ní chaitheann siad amach uisce salach nó luaith. Tugtar " Oichche an Dóithin Mhóir ", ar oidhche Choille, an lá deiridh de'n bhlian freisin. Deirtear, má itheann duine a dhóithin an oidhche sin go mbeidh a dhóithin le n-ithe aige go dtí deire na bliana chuige. Ins an t-sean aimsear deintí caca breágh mór agus annsin buailtí i gcoinnibh an dorais é agus le linn a bhuailtí deirthí:_

    " Fograim an gorta go tír na dTurcach
    Go bliain ó anocht agus anocht féin go fírinneach. "

    AN INID
    Le linn an ama seo is mó a déantar cleamhnais in aice na háite seo. Téigheann an fear óg agus duine nó beirt eile in éinfeacht leis go dtí an teach in a mbíonn an cailín ion-phósta. Ceannuightear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa de Búrca
    Gender
    Female
    Address
    Ballinchalla, Co. Mayo
    Informant
    Bríghid Bean Mhic an Bháird
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Killimor, Co. Mayo