School: Loch Measca
- Location:
- Caherrobert, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Measca
- XML Page 289
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Suim blianta ó shoin tháinig Franncach agus Poncán go dtí Túr-Mhic-Éidigh ar a laetheannta saoire. Bhíodar reoidhte le airgead agus ba mhaith leo cuid de a chaitheamh.
Lá amháin bhíodar ar spáisteóireacht agus níor fhan siad go shroicheadar bruach Locha Measga. Bhí bád beag ann ag fear darbh ainm Seán de Lapp.
D'iarradar ar Sheán iad do thabhairt amach ar an loch agus go dtiubhradh siad dhá choróin dhó. Bhí Seán sásta agus baineadh asta go sroicheadar Baile-an-Róba.
Nuair bhíodar ag teacht arais tháinig stoirm ar an loch. Thosuigh an beirt fhear ag cainnt. Ba mhaith leo cleas a imir ar Seán bocht.
Annsin dubhairt an Franncach le Seán, "bhfuil biology agat?
"Ó go deimhin níl," arsa Seán, "mar ní raibheas riamh ar scoil." Rinne an Franncach caoch-shúil leis an bhfear eile agus dubhairt an Poncán, "bhfuil cicology agat?"
Dubhairt Seán an rud céadna - nach raibh.
Tar éis tamaill d'éirigh stoirm mhór agus bhí an t-uisce ag teacht isteach ins an mbád. Ar deire - d'iompuigh an bád agus caitheadh an triúr amach.
Bhí snámh ag Seán act ní riabh ag an mbeirt eile. "Anois," arsa Seán, "bhfuil snámhology agaibh? Muna bhfuil tá sibh caillte ar fad."- Collector
- Treasa de Búrca
- Gender
- Female
- Address
- Ballinchalla, Co. Mayo
- Informant
- Seán Ó Murchadha
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 22
- Address
- Loch Measca, Co. Galway / Co. Mayo