School: Loch Measca

Location:
Caherrobert, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 282

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 282

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 282
  3. XML “Cailleach”
  4. XML “Ráite ag Baint le Mórán Ócáid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean-chailleach ina comhnuidhe timceall na h-áithe seo san am fadó. Bhí sí ina comhnuidhe leithi féin i mbóthán ceann tuighe san gcoill. Bhí sí an-chrosta agus dá brígh sin bhí faithcíos an domhain ar na doainibh roimpí. Sean-bhean a bhí inntí. Bhí sí chomh-granndha le gráinneóig. Bhí sí an-árd! Fiacla móra ag sgaradh ón a chéile agus a cuide gruaige ina seasamh ar a ceann. Bhiodh sí ag goid lachan, sicíní agus uile rud eile ó na daoinibh.
    Nuair a fuair an cailleach bás ní raibh mórán bróin ar mhuintir na h-áithe mar do bhí fhios aca go raibh deire leis an gcailligh agus an goid.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. hags (~139)
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa de Búrca
    Gender
    Female
    Address
    Ballinchalla, Co. Mayo
    Informant
    Séamus de Búrca
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Ballinchalla, Co. Mayo
  2. Is teann madadh ar a theallach féin.

    Ní hé an té a saothruigheas an práta mór a gheibheas go minic é

    Mícheal ar meisge agus a bhean ag ól uisge.
    Ní rún é ma chloiseann beirt é.

    " Caith an lá is seirbhís Dé
    Agus leanfaidh an oidhche lorg an lae. "

    Clann na ndaoine sona adhbhar na ndaoine dona:
    Clann na ndaoine dona adhbhar na ndaoine sona.

    Tá tuitim an ceárnamáin ar oidhche Foghmhair.
    Ag caitheadh clabair ar an ngealaigh.
    Sonas ar do láimh agus go bhfágaidh Dia an síneadh innti.
    Beidh a chuid féin ag an bhfairrge.
    Ní féidir le fear dall cat dubh a fheiceál i seomra dhorcha, go háirighthe nuair nach bhfuil an cat annsin ar chor ar bith.

    Treasa De Búrca
    Baile-an-Calaidh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.