School: Loch Measca
- Location:
- Caherrobert, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Measca
- XML Page 302
- XML “An Déirce agus an tÁdh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An déirce agus an t-ádh.Bhí brat sneachta ar an dtalamh. Bhí na crainn san gcoill ag lúbadh leis an mbraithlín mór bán bhí ortha. Agus an ghaoth: Bhí sí chomh géar le gaoith chruaidh na fairrge ó Thuaidh. Bhí sean-cheannuidhe bocht lag tuirseach ag dul timcheall na tíre acht níor dhíol sé tada in aon cheann de na tighthe móra in a raibh sé. Stad an sean-fhear ag doras tighe mhóir eile a bhí in aice na coille, agus d'ia[rr] sé ar mháistreas an tighe rud éicint a cheannacht.
"Imthigh leat as sin," ars an bhean uasal, "níl aon airgead againn le caitheamh ar do chuid sean-rudaí," agus dhún sí an doras amach 'na aghaidh.
D'imthigh an sean-fhear agus bhuail sé isteach tríd an gcoill agus níor bh'fhada gur tháinig sé i ngar do shean-tigh bocht suarach in a raibh baintreabhach bhocht in a comhnuidhe. Bhí muirighean mór uirre agus bhí uirre a bheith ag obair ó mhaidin go h-oidhche chun iad a chotú.
"Tar isteach," ar sise, leis an sean-duine, "agus bíodh rud éicint le n-ithe agat. Nach brónach an sgéal é nach bhfuil cara agat agus tú i'do shean-aois. Tabhair amach cathaoir eile, a Mháirín."
"Go raibh míle maith agat," ars an sean-fhear, "go méaduigh Dia gach uile sórt agaibh: beidh an t-ádh orraibh."
D'imthigh an sean-cheannuidhe leis, agus bhí an mhathair ag obair go dian ag iarnáil éadaigh agus á réidtheach amach le n-a gcur suas go dtí teach an tighearna mhóir bhí in a chomhnuidhe i lár na coille.
"Déan deifir anois, a Mháirín, tá an ciseán réidh agus tabhair leat é go dtí an teach mór," ars an mhathair, agus luigh sí siar ar chathaoir ag an teine. Bhí sí sáruighthe, an bhean bhocht. Acht bhí sí buidheach do Dhia nach raibh uirre bheith ag siubhal na h-Éireann mar bhí creatúirí bochta eile.
D'imthigh Máirín léi isteach ar an gcasán tríd na cranna móra árda.(continues on next page)- Collector
- Peig Ní Laighnighe
- Gender
- Female
- Address
- Killour, Co. Mayo
- Informant
- Bríghid Bean Mhic an Bháird
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Killimor, Co. Mayo