School: Loch Measca

Location:
Caherrobert, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 303

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 303

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 303
  3. XML “An Déirce agus an tÁdh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí na h-éanacha bochta ar na crannaibh agus iad fuar caillte leis an sioc. Thosuigh smólach ag portaoíl, "Faoi chrann cuilinn! Faoi chrann cuilinn! Baineadh geit as Máirín. "Nach aisteach é sin" ars sise, "cainnt a bheith ag an ean." Do ghlaoidh an colm ó bhárr crann daraigh. "Giota beag eile siar an bothar."
    "Ó a Mhuire mháthair! nach iontach é sin," arsa Máirín.
    "Cloch mhór dubh! Cloch mhór dubh," ars an dreóilín i gcogar léi.
    D'imthigh Máirín ar nós na gaoithe. Bhí spideóigín ag imtheacht roimpe i gcomhnuidhe. Tháinig sí go dtí an crann agus annsin ós a comhair bhí an chloch mhór dhubh. Chorruigh sí an cloch. Chonnaic sí mála beag in a luighe faoi an gcloich. D'oscail sí an mála: bhí sé lán le seóda uaisle, pearlaí, diamaití agus saiféirí gorma. Chaith sí an ciseán éadaigh uaithe agus rit sí abhaile.
    "Ó a mhathair a chroidhe, beidh an droch-saoghal imthighthe. Ní bheimid bocht go deo deo arís."
    "Buidheachas le Dia, a leinbh. Is dócha gur Aingeal ó na Flaitheas an sean-cheannuidhe," ars an mháthair agus d'fháisg an cailín beag le n-a croidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Ní Laighnighe
    Gender
    Female
    Address
    Killour, Co. Mayo
    Informant
    Bríghid Bean Mhic an Bháird
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Killimor, Co. Mayo