Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 303
- XML “An Déirce agus an tÁdh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí na h-éanacha bochta ar na crannaibh agus iad fuar caillte leis an sioc. Thosuigh smólach ag portaoíl, "Faoi chrann cuilinn! Faoi chrann cuilinn! Baineadh geit as Máirín. "Nach aisteach é sin" ars sise, "cainnt a bheith ag an ean." Do ghlaoidh an colm ó bhárr crann daraigh. "Giota beag eile siar an bothar."
"Ó a Mhuire mháthair! nach iontach é sin," arsa Máirín.
"Cloch mhór dubh! Cloch mhór dubh," ars an dreóilín i gcogar léi.
D'imthigh Máirín ar nós na gaoithe. Bhí spideóigín ag imtheacht roimpe i gcomhnuidhe. Tháinig sí go dtí an crann agus annsin ós a comhair bhí an chloch mhór dhubh. Chorruigh sí an cloch. Chonnaic sí mála beag in a luighe faoi an gcloich. D'oscail sí an mála: bhí sé lán le seóda uaisle, pearlaí, diamaití agus saiféirí gorma. Chaith sí an ciseán éadaigh uaithe agus rit sí abhaile.
"Ó a mhathair a chroidhe, beidh an droch-saoghal imthighthe. Ní bheimid bocht go deo deo arís."
"Buidheachas le Dia, a leinbh. Is dócha gur Aingeal ó na Flaitheas an sean-cheannuidhe," ars an mháthair agus d'fháisg an cailín beag le n-a croidhe.- Bailitheoir
- Peig Ní Laighnighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Odhar, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Mhic an Bháird
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cill Íomair, Co. Mhaigh Eo