School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 274

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 274

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 274
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin do mhair tímcheall na háite seo baintreabhach bocht. Ní raibh aici ach aon mhác amháin dar b'ainm do Seán. Tháinig sé lá chun a mháthar agus dubhairt le gur beag leis fein na feirmín a bhí acu agus gur mhaith leis dul le céird eigin. D'fhiafhruig a a mháthair de cad é an chéard ba rogha leis agus dubhaiet sé gur bé a bharamhail na taithneadh aon chéard cómh maith leis le dligheadóireacht.
    Go luath maidin lá'r na bhaireach bhí an bheirt ar an mbóthar ag lorg tighe dligheadóra. Bhíodar ag ag cur na slighe dhíobh mar a chuirfeadh fiadh buidhe ó'n Mangartan nuair buail orta fear a fhiafruig de Sheán ciacu máighistir ag lorg buachalla é no buachaill ag lorg máighistir. Ní leogadh náire do Sheán bocht labhairt go ceann tamaill ach fé dheire dubhairt se go maolchluacach gur buachaill é a bhí ag lorg mhaighistir, a dheinfadh dligheadóir de. Dligheadóir a beadh an fear so agus do gheall se go daingheadh go dtabharfadh sé an chéard go maith do Sheán.
    Is brónach, briste croidheach bhí an baintreabhach
    bocht ag filleadh abhaile dhi tar éis scaramhaint le na mac múirneach. Ní mar sin a bhí an mac ámhtach mor bé bhfada leis go mbeadh tosnuighthe aige ar foghluim na ceirde. Ar mhuin capall a bhí an dligheadóir agus thig sé Seán abhaile na chúlóig.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Gender
    Male
    Age
    100
    Address
    Snave, Co. Cork