Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 274

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 274

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 274
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin do mhair tímcheall na háite seo baintreabhach bocht. Ní raibh aici ach aon mhác amháin dar b'ainm do Seán. Tháinig sé lá chun a mháthar agus dubhairt lei gur beag leis fein an feirmín a bhí acu agus gur mhaith leis dul le céird eigin. D'fhiafhruig a a mháthair de cad é an chéard ba rogha leis agus dubhairt sé gur bé a bharamhail na taithneadh aon chéard cómh maith leis le dligheadóireacht.
    Go luath maidin lá'r na bháireach bhí an bheirt ar an mbóthar ag lorg tighe dligheadóra. Bhíodar ag ag cur na slighe dhíobh mar a chuirfeadh fiadh buidhe ó'n Mangartan nuair buail orta fear a fhiafruig de Sheán ciacu máighistir ag lorg buachalla é no buachaill ag lorg máighistir. Ní leogadh náire do Sheán bocht labhairt go ceann tamaill ach fé dheire dubhairt se go maolchluacach gur buachaill é a bhí ag lorg mhaighistir, a dheunfadh dligheadóir de. Dligheadóir a beadh an fear so agus do gheall sé go dainghean go dtabharfadh sé an chéard go maith do Sheán.
    Is brónach, briste croidheach bhí an baintreabhach
    bocht ag filleadh abhaile dhi tar éis scaramhaint le na mac múirneach. Ní mar sin a bhí an mac ámhtach mar bé bhfada leis go mbeadh tosnuighthe aige ar foghluim na céirde. Ar mhuin capall a bhí an dligheadóir agus thug sé Seán abhaile na chúlóig.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Inscne
    Fireann
    Aois
    100
    Seoladh
    Snámh, Co. Chorcaí