School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 176
- XML “Seán Láidir Ó Craulaoí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tímcheall cead blíadhan ó shoin do chómhnuidh san áit seo fear dár bainim Seán Láidir Ó Craulaoí. Fear láidir neamh eaglach abeadh é agus do bhuaidh sé an ainim sin do féin le na neart. Thagadh gaiscidheach ó gach áit in Éirinn ag íarraidh na gniomhartha ionghantaca do dhein sé do dheanamh, chun bheith cómh maith leis ach ní raibh aoinne acu ábaltha ar an órd do chaitheamh cómh fada leis, ná aon rud eile a dheanamh a fheudfaí a chuir i gcompráid leis na gniomhartha a dhein Seán Láidir.
Lá do tháinig Seán go dtí áit go raibh alán daoine ag caitheamh úird.
Ní raibh aon airgead ag Seán an uair ceadhna agus cheap sé ar sheift chun airgead a dheanamh. Bhí mac tighearna talmhan ann agus bhí sé ró mhaith do aon duine eile chun an órd do chaitheamh.
Chuaidh Seán agus rug sé ar an órd ach má dhein níor chaith sé ar a dhícheall é agus so bhuaidh mac an tíghearna air. Chuaidh mac an tíghearna abhaille go mórálach mar bhí ana áthas ar an onóir san do bheith aige.
Cúpla lá na dhiadh san chuaidh Seán go tig an tíghearna talmhan agus bhí sé(continues on next page)- Collector
- Riobárd Ua Drisceóil
- Gender
- Male
- Address
- Snave, Co. Cork
- Informant
- Diarmuid Ua Caothlaí
- Gender
- Male
- Age
- 100
- Address
- Snave, Co. Cork