School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 193
- XML “Seanntóirí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó sa t-sean shaoghal ní fheadfaí corp a chur sa roilig gan fód d'fhagháil ar dtúis ón seanntóir. B'shin páirc áirithe a bhíodh go minic abhfad ón roilig. Bhí a sheanntóir féin ag gach roilig.
Bhí an seanntóir a bhí ag Cíll Mac Camóg i bpáirc i gCúr Lom tímcheall ceithre míle ón roilig. Bhí an seanntóir a bhí ag Ceann Mara i Neidín i bpáirc sa Bhaile Nua i mBeanntraighe. Bhíodar san tímcheall fiche míle ón a chéile. Bhí seanntóir Árd na mBráthar i mBeanntraighe i bpáirc taobh thiar de Neidín, agus Garraidhe Mhurrachadh le h-ais tig an mharragaidh i mBeanntraighe bhí a seanntóir i bpáirc i nDrom Dhá Liag. Roilig Caitiliceach ab ead Garraidhe Mhurrachadh an uair sin go dtí gur thóg na Sasanaig chúcha féin é. Tá suas le dhá cheud bhlian ó bhí an nós sin ag na daoine. Do bhí sean rádh ann an uair sin, "díolfhadh ar an bhfód thú" agus sé an brígh a bhí leis ná, go ndíolfaí duine cómh macánta agus a díolfaí as fód na seanntórach.- Collector
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gender
- Male
- Address
- Mill Big, Co. Cork
- Informant
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Mill Big, Co. Cork