Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Kilmocomoge, Co. Cork
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 189

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 189

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 189
  3. XML “Diarmuid na Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin dá raibh alán airgid tógtha ag Diarmiuid na Sgeul, do chuir an tíghearna talmhan fógra amach go dtabharfhadh sé suim airgid do aoinne a thabharfhadh ceann Dhiarmuda chuige. D'airig Diarmuid mar gheall air. Fuair sé a chuid airgid agus chuir se isteach i mbróig é agus chuir sé i bhfolach é idir a dhá bhéilic, ceann aca i gCnoc Cúr Uí Laoghaire agus an ceann eile i gCaol an Eidhin. Deirtear go bhfuil an bhróg agus an tairgead istig ann i bhfolach eadhtora fós.
    Oidhche áirithe ina dhiaidh san bhí Diarmuid ina chodhladh i dtig i nGleann Garbh. Muinntir a' Gheamhair ab ainm do mhuinntir an tíghe. Theastuig uatha an dioghaltas a fhágail. Ní fheadfhuidís an ceann a bhaint dé an fhaid a bheadh an sgealamhrach a bhí aige air. Bhaineadar an sgealamhrach de agus annsan bhaineadar an ceann de. Nuair a bhíodar ag dul go tig an tíghearna talmhan bhí na daoine go léir ar buile leó mar bhíodh Diarmuid go h-ana mhaith dóibh.
    Do chaitheadar uibheacha lobhtha, clocha agus prátaí agus rudaí eile leó agus bhuaileadar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Celestín Ua Ceocháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Coorycommane, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua hÚrdail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    Mill Big, Co. Cork