School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 199
- XML “Ór i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear tímcheall na h-áite seo fadó agus óidhche amháin do taidhrígheadh do go raibh ór i bhfolach fé chromleac i dtalamh Mhuintir Leibhís. Bhí eolas maith aige ar an áit mar ba mhinic a chidheadh sé é.
Cuaidh sé chun na h-áite chun an ór a fhághail cúpla oidhche ina dhiaidh sin, agus bhí ráman mhaith aige. Ní raibh aon tuairisg ar ór ná ar aigead agus ar a shlíghe do amach as an áit bhuail sé i gcoinnibh falla seana tíghe a bhí ann agus leag sé cúpla clocha as.
Cúpla lá ina dhiadh san fuair Leibhís amach mar gheall ar an bhfalla agus an poll a dhein an fear leis an rámhain. Bhí sé ar dhearg buile. Fuair sé gluaistéan chun dul go Corcaigh chun dioghaltas a fhághail as an ndíoghbháil. Cé bheadh ag tiomáint an ghluaisteáin ach an fear a leag an falla. Ar an slíghe dho go Corcaig do bhí Leibhís ag ínnsint an sgéil do agus bhí sé ag briseadh a chroidhe ag gairídhe mar b'é féin a dhein an dioghbháil. Ní raibh a fhios san ag Leibhís agus ba mhaith an bhail ar an bhfear eile ná raibh.- Collector
- Celestín Ua Ceocháin
- Gender
- Male
- Address
- Coorycommane, Co. Cork
- Informant
- Tadhg Ua Briain
- Gender
- Male
- Address
- Coorycommane, Co. Cork