Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Kilmocomoge, Co. Cork
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 294

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 294

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 294
  3. XML “Rinn an Dísirt”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Míle go leith ar an dtaobh siar theas de'n áit seo tá poinnte caol garbh ag síneadh amach i mBádh Beanntraighe. Rinn an an Dísirt a tugtar ar an bpoinnte sin. Tá fothrach seana thighe leath shligh amach sa rinn sin agus deireann na seana daoine go bhfeictí go minic fadó fear ar a dhá ghlúin ar lic taobh amuich de dhoras an tseana thighe sin. Iasgairí a chidheadh é nuair a bhídí ag filleadh abhaile an treó san in am mharbh na h-oidhche. Nior bhfear saoghalta é dar ndóigh agus sé thuigeadh na daoine gur ag deunamh aithrighe dá pheacaí a bhíodh an creatúr bocht; b'in é an fáth gur tugadh Rinn an Dísirt mar ainm ar an áit.
    Tamall beag taobh amuigh den chabhlaig sin tá canál doimhin leathan gearrta ó thaobh taobh na ranna, i dtreo go mbionn an taobh amuigh de na oileán nuair a bhionn lán taoide ann. Ní fheadar aoinne cad chuige gur deineadh an canál so no cathain a deineadh é. Deir daoine ámhthach gur b'amhlaidh a thug Domhnall Cam airm ann i mbádaibh nuair bhí sé chun Caislean Rinn an Dísirt a ionnsuighe agus gur dhein se an díg mor san i dtreo go mbeadh áit daingean aige le cúlú ann dá mbeadh an troid ag dul na choinnibh.
    Tadhg Ua Cróinín,
    Rinn an Dísirt
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. O'Sullivan Beare (~30)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Reenadisert, Co. Cork
    Bailitheoir
    Tadhg Ua Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Reenadisert, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ua Duinín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Reenadisert, Co. Cork