School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá lios i nDoire na Cille tímcheall míle goleith ón scoil seo. Bhí sé ceapaithe sa t-seana[?] saoghal gur ab áit ana uaigneach é bheith tímceall an leasa san ist oidhche, mar bhí sé raidhte go mbíodh spóirt agus caitheamh aimsire ag na púcaí istig ann.
Do bhí buachaill ana spóirtamhail dár ab ainim do Diarmuid Ua Déagha na chómhnuidhe in aice an leasa san tímcheall ceud blian ó shoin. Do theigheadh sé isteach sa lios go h-ana mhinic agus bíodh sé ag rinnce ann. Do thagadh sé abhaile i ndeire na h-oidhche ar meisge. Do bhíodh saghas díghe istig acu beóir a dheineadh múintir an leasa. D'ól an buachaill úd alán de oidhche amháin. Tháinig sé abhaile agus níor mhair sé ach seachtmhain. Dúbhairt na cómharsain go léir gur ab amhlaid do scuabadh é.- Collector
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gender
- Male
- Address
- Mill Big, Co. Cork
- Informant
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Mill Big, Co. Cork