School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 314

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 314

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 314
  3. XML “Amhrán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán

    Ist oidhche de hAoine ar mo luighe dhom ar leabaidh

    Ist oidhche de hAoine ar mo luighe dhom ar leabaidh
    Cad a bhrathfainn im thímcheall ach Light Horse an airm
    Do phreabas im shuidhe suas is d'eirigheas a'm sheasamh
    Titheas naoi míle gan bríste gan hata.
    A dhaoine uaisle na nárann tugaidh spás dom ar mh'aram
    Tugaidh peann dom an laimh dheis agus paipéar le breacadh
    Go scríobhfad cúpla líne no trí chun mo athar
    Go bhfuil a mhac criona le díothú san arm.
    Blian as an lá amáireach iseadh d'fhágas an baile
    Nior stadas de'n stáir sin go ndeaghas go Cluain Mealli,
    Do lean Brighid agus Máire me á rádh liom filleadh abhaile,
    Se mo chathá dubhachsa gear brónach nách é a gcómhairle a ghlacas
    Is buachaill fior óg me do tógadh faoi cheannas
    Ag an mnaoi úd do tál orm is thug a cúm dom mar leabaidh
    Thug sgrí dom as leigheann dom as ceárd breagh chun martha
    Ní sásóchaidís goléir gan liostáil san airm.
    Do bhí fhios ag an Rioghan Glórmhar agus ag na cómharsain am aice
    Go rabhasa cómh stuama le haon bhuachaill sa bhaile
    Do rinncfinn is do gháirfinn is do shnámhfainn seal caise
    Is bhuailfinn poc báire cómh hárd leis an ngealaig.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Gender
    Male
    Age
    100
    Address
    Snave, Co. Cork