School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 288

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 288

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 288
  3. XML “Fear a Ghoid Bó ó Naomh Gobnait”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear na chómhnaidhe fadó ar an dtaobh thuaidh de Chnoc Buidhe i gCiarraighe. Ar thaobh Bóthair Léim an tSagairt bhí a bothán suidhte. Gadaidhe a beadh é agus dheineadh sé aithris ar an mada-ruadh sa ghaduidheacht mar is annamh a dheineadh sé aon chreacha timcheall a áite fein, bfhear leis abhfad imtheacht go áit iasachta chun fuadach.
    Uair amháin thug sé a aghaidh soir go Baile Mhúirne agus ghoid sé an taon bhó amháin a bhí ag Naomh Gobnait. Ar a shligh abhaile dho agus an bhó ar téid aige bhí sé ag dul ó thuaidh treasna Bóthar na Léime. Nuair bhí sé i ngiorracht dhá mhíle dhá bhaile tháinig sé go áit na raibh leacht lom shleamhain treasna an bhóthair. Nuair a chuir sé a chos ar an lic chuaidh se sios tríthe díreach mar a raghadh dá mbadh glóthach a bheadh ann. Gach iarracht a dheineadh sé ar é fein do tharrac is amhlaidh a theidheadh sé nios doimhne sa lic. D'fhan sé ann go dtáinig fear chuige a bhí ag teacht abhaile ó Neidín. Dinnis an fear a bhí greamuighthe a sceul do, do dhein an fear so gach a bhí ar a chumas é scaoileadh acht theip air. Chuaidh sé dos na tighthe ba chómhngaraí dho chun cabhair d'fhaghail. Ar theacht na cabhrach ní raibh tuairisg an fhir ná na bó rómpa acht bhí bróg sáidhte go daingean sa lic. Ní fheaghathas an gaduidhe riamh ó shoin acht tá rian a bhróige le feiscint fós sa lic. Do shrois an bhó Baile Mhúirne i lár an laé na dhiaidh sin.

    ó:-
    Phádruig Ua Ceochain
    Fearan Fada
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ua Ceochain
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Farranfadda, Co. Cork