School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 205

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 205

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 205
  3. XML “Luracháin gCaol an Eidhinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon lá amháin bhí fear i gCaol an Eidhin ag rómhar páirce le rámhain. Bhí sgeach geal in aice an chlaidhe agus do theastuig uaidh í a chur amach as. Do sháig sé an rámhan isteach fúithi agus nuair a dhein sé é d'airig sé mar a bheadh duine ag gol. D'fheach sé isteach agus bhí mar a bheadh nead fúithi agus í lán de dhaoine beaga. Is amhlaidh a bhris an rán lámh duine aca.
    An oidhche sin san leabaidh do bhí sé ag cuimhneamh ar na daoine beaga. Dfheuch sé amach an fuinneógh i dtreó na háite agus chonnaic sé chuige alán daoine beaga. Thángadar isteach an fuinneógh agus suas chun na leaptan chuige. Cheap sé go raibh deire leis. Bhíodar ináirde ar an leabaidh agus do léim sé chun iad a chur amach. Nuair a chonnacadar an léim do theitheadar agus ní fheacaidh an fear a thuille iad.
    An lá ina dhiadh sin bhí sé ag cainnt le fear eile a bhí ina chómhnuidhe san áit sin agus d'innis sé dho mar gheall ar na daoine beaga. Dubhairt an fear eile gur ag innsint na firinne a bhí sé mar go bhfeaca sé féin ag dul i
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Kealanine, Co. Cork
    Collector
    Celestín Ua Ceocháin
    Gender
    Male
    Address
    Coorycommane, Co. Cork
    Informant
    Pádruig Ua hÚrdail
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Mill Big, Co. Cork