School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 188

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 188

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 188
  3. XML “Fear a Bádh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá dá raibh beirt fear a bhí 'na gcómhnuidhe i mBárrlinn ag teacht ó Bheanntraighe i dtrucaill comónta do thosnuig an lá ag báisteach agus do lean sé de go raibh tuille mór san abhainn. Do tháinig na fir go dtí an áit na rabhadar chun dul treasna na h-abhann. Thiománadar an capall ar aghaidh an t-srutha. Do sgiobadh as an dtrucaill iad le fórsa an tuille ach d'éirig le duine acu greim d'fhágáil ar sgeich a bhí ag fás ar bruach na h-abhann agus é féin do tharrac go talamh tirm, agus do rith sé go tigh cómharsa chun cabhair d'fhághail. Do tháinig beirt fhear thar nais leis. Do chuarduígheadar tímcheall ach ní fuaradar tásg ná tuairisc an fhir eile. Do leanadar de'n gcuardach ar feadh seachtmhaine ach ní fuarathas corp an fhir. Fé dheire do cuireadh fios ar shagart agus thánig sé. Do léig sé leabhar san áit nar sgiob an tuille an fear agus annsan dúbhairt sé leis na fearaibh dul agus cuardach fé bhruach na h-abhann in áit áirithe agus go bhfaghadh siad corp an fhir ann. Do chuadar chun na h-áite. Do chuarduígheadar agus do fuaireadar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. drowning (~292)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Gender
    Male
    Address
    Mill Big, Co. Cork
    Informant
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Mill Big, Co. Cork