School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 296

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 296

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 296
  3. XML “Síle Crúbaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí cailleach i na cómhnuidhe i mBarrluinn ar thaobh an bhóthair. Deirtear go raibh go raibh sí ábalta ar alán galar do leigheas le cleas. Síle Crúbaí a tugtaí uirte. Níl acht a tig ann anois.
    Tímcheall 30 bliadhain tar éis a bás bhí fear ag tiomáint bó go aonach abhí i mBeanntraighe. Bhí sé roim na mbó agus bhí cúpla fear eile i na ndhiaidh. Am mhairbh na hoidhche a bhí ann. Nuair a tháinig sé go dtí Tig Síle Crúbaí, mar siné an ainm atá fós ar an dtig, tháinig scamall dubh tiugh trom tímcheall air agus ní fheadfadh sé aon rud a dhéanamh ná a fheiscint. Annsan tháinig meádhchaint uathbhásach ar a ghuailnibh agus dfhan sé air an fhaid a bhí sé ag siubhal tímcheall dhá chéad slat. Tá sruthán bheag ag dul treasna an bhóthair tímcheall dhá chéad slat shíos ón gcabhlach agus tá droichead beag ós a chionn. Nuair a tháinig an fear go dtí an droichead d'imtig an scamall agus an méadhchaint.
    Oidhche eile do bhí fear ag teacht ó aonach abhí i mBeanntraighe ar a naoi
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tadhg Ó Cróinín
    Gender
    Male
    Address
    Reenadisert, Co. Cork
    Informant
    Cáit Ní Duinín
    Gender
    Female
    Age
    74
    Address
    Dromduff West, Co. Cork