School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 286

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 286

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 286
  3. XML “Carraig a Chaoineadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall leath shligh idir seo agus Beanntraighe ar thaobh do láimhe clé agus tú ag dul go Beanntraighe chídhfea carraig árd mhaol i ngiorracht fiche slat den bhóthar. Sé an ainm ar an gcarraig sin na "Carraig a Caoineadh". Seo mar a baisteadh an ainm sin uirthe ar dtús.
    Sa droch shaoghal bhí dream Sasanach curtha fútha i gCaisleán Rinn an Dísirt. agus dream eile i gCaisleán Faoide. Bhí croch curta anáirde acu ar aghaidh dorais gach caisleán acu. Is féidir radharc d'fhaghail ar an dá ait ón gcarraig sin "Carraig na Caoine". Aon Ghaedhal bocht a dheinfad aon rud a cuirfeadh fearg ar na Sasanaig do bheurfaí air agus cuirfí isteach i bpriosún an caisleáin an oidhche sin é. Ar maidin go moch do crochfaí é taobh amuigh den dorus. Ba mhaith le gaolta an fhir radharc deireannach d'fhaghail air, acht aoinne a thiocfad nios giorra do aon áit acu ná an charraig sin do crochfaí é. Mar sin do bailigheadh gaolta an fhir ar an gcarraig sin agus do chaoinidís go fuidheach é. Sin mar a fuair sí an ainm sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ua Bhriain
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Coorycommane, Co. Cork