School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 167

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 167
  3. XML “Ór i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó, nuair a bhí na tiagharnaí talmhan in Éirinn bhí beirt fhear ag treabhadh i bpáirc tímcheall na h-áite seo in aice áite ina raibh agus ina bhfuil fós cromleac mhór.
    Bhíodar ag treabhadh leó, pé in Éirinn é, agus nuair a bhí an páirc geall leis criochnuighthe agus an tráthnóna ag deunamh ortha, cad a eirigheadh leis an bhfód a bhí á threabhadh aca ach, práisléad breágh luachmhar agus an ghrian ag gliniúint ar an ór a bhí ann.
    Gan dabht, bhí ana áthas ar na fearaibh ach ní raibh sé ortha nuair a chuimhígheadar orta féin
    An uair sin bhí eagla a gcroidhe ar na daoine. Ar eagla go bhfaigheadh tíghearna talmhan na h-áite amach go bhfuaireadar é chuadar chuige ar lán tsiubhal agus thugadar do é. Ghaibh sé a bhuidheachas leó. Bhí nasc an phráisléad briste ach do cuireadh ceann nua isteach ann agus do díoladh ar chúpla míle púnt é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Celestín Ua Ceócháin
    Gender
    Male
    Address
    Coorycommane, Co. Cork
    Informant
    Tadhg Ua Briain
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Coorycommane, Co. Cork