School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 135
- XML “Scéal”
- XML “Scéal - Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsan do chuaidh an sagart anonn go taobh an bhóthair agus do thóg se ladhar uisce agus do chaith sé anuas ar an solas é agus i gcionn neomat amháin bhí an solas chómh geal leis an gcead solas agus is dócha go ndeacaidh sé go Flaitheas Dé.
- Bíonn an t-ádh le cuid des na feirmeoirí leis na ba agus bíonn mí adh le cuid eile aca. Má deintear an cró treasna umaire ní bhíonn an t-ádh leis na ba. Má deintear an cró anuas ar lios ní bhíonn an t-ádh leis na ba. Deirtear gur féidir leis na mná ím a gcómharsan a thógaint nuair a chrúdhann siad na ba oidhche bealthaine. Tá alán piseoga eile mar gheall ar girrfhiadh ag crúdh ba.
Seo ceann aca:-
Bhí fear ag fíadhach go moch aon maidin amháin agus bhí trí coin aige. Connaic sé girrfhiadh ag ól bainne as údh na bó. Do rithe an gírrfhiadh agus do chuaidh na trí coin na díaidh. Chúaidh sé treasna claidhe agus nuair a chonnaic an fear na coin ag rith cuige. Ceap sé gur imthigh an girrfhiadh. Nuair a thánaig sé go dtí an claidhe connaic sé bean ann agus cos briste aice. D'fhág sé ann i ach roinnt laethannta fuaradh ann i marbh.
Coimeadann daoine pailm ar cró na mba. Deirtear má deineann duine snaidhm ar piosa córda agus é do coimead os cionn laogh go gcoimeádann sé beó é. Deirtear leis gur ceart trísnaidhm do dhéanamh trí h-uaire i ndiaidh a chéile agus an corda do choimead os cionn beithidhig. Tugtar cleas na Peiste ar sin. Deintear capaill do leigheas mar sin uair ceannta leis ach nách féidir le h-aoinne iad do leigheas ach leis an seachtú mac.