School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 128

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 128

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 128
  3. XML “Bullán Bán - Townsend”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ministir do b'eadh Townsend do bhí na chómhnuidhe i gCathair Ciogáin i bparóiste Cluaindroichid. Do fuair sé bullán bán ó chara dho i Sasana. Do leigeadh sé amach san ínse é sa t-Samhradh agus do coimeadadh se istigh é sa Geimhreadh. Do thug na feirmeóirí na deachmhuighthe don ministir sa Geimhreadh, agus thugadh seisean na rudaí sin d'en bullán bhán. Do dhein sé an méid sin ar feadh trí mbliana, é leigint amach san t-Samhradh san ínse, agus é coimead istigh sa Geimhreadh, agus na deachmuighthe do thabhairt do le n-ithe. Nior thaitin le roinnt daoine é bheith ag ithe a gcuid coirce féin agus do goideadar é. Do marbhuígheadh é sa t-sráidín seo é agus do roinneadar an feóil eatartha. Do cur na póilíní na dhiaidh na daoine agus do gabhadh cupla fear, agus é fear amháin do cuireadh an loch amach é. Nuair a bhí sé tar sáile fuair se piosa óir agus coimead sé é go dtí go dtáinig sé abhaile agus do cheannuigh sé píosa tailimh leí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish